Iceland - a country of distinctive modernity

by Christy Evans

IS TÍR sainiúil í An Íoslainn. Oileán bolcánach is ea í, le géasair, bolcán beo agus toibreacha teo ann. Tá an argóint faoi ruagaireacht na moil mór ag cur drochainm ar an Íoslainn. Is ábhar iontais iad stair agus cultúr na tire, ámh.

Tá mórán ceangal idir Éirinn agus An Íoslainn. I rith na Séú h-Aoise, ba ghnáth le loingeas na hÉireann cuairteanna a thabhairt ar Íoslainn. Thug an manach Éireannach Diciúil cuairt ar An Íoslainn i AD 825. Scríobh Diciúil faoin a radharc ar 'Gri- an na Meán-Oíche' agus na 'Saighneáin' ('Midnight Sun and the Aurora Borealis'). I ndiadh na manaigh, tháinig na Lochlannaigh.

I láthair na h-uaire, tá na hÍoslannaí níos giorra do dhaoine na hÉireann - i gcúrsaí geiniteacha na mar atá siad do mhuintir na Sualainne.

Tá go leor rudaí le déanamh san Íoslainn inniu: ag faire ar mhíolta mhóra, coisíocht, gailf agus marcaíocht. Tá na daoine eisdíritheach agus cáirdiúil, agus bródúil as a náisiún cianda. Tá an aeráid iontach, measartha bog chomh maith. Is beag fearthainn a bhíonn ann le linn an tsamhraidh agus ní bhíonn dul faoi na gréine go tar éis mheán oíche.

Príomhchathair na hÍoslainne is ea Reykjavik, cathair mheidhreach, bheomhar agus nua-aimsearach. Tá tithe tabhairne faiseanta ann, mar shampla, 'Ólstofa', 'The Dubliners', 'Sirkus' agus 'The Celtic Crown'. Tá Bialanna costasacha ann, freisin. Frio- tháilíonn an Bhialann 'Perlan' bia na tíre: Hakarl (líamhán goirt), Svith (feoil chinn caorach) agus feoil mhíol mhóra.

Léiríonn an iarsmalann náisiúnta stair Ioruaiseach agus Ceilteach na tíre. Tá bail- liúchán breá de h-iarsmaí sa mhúsaem: seoid, boinn, dealbha, físthéip faoi na Gaeil agus na Lochlannaigh, agus a leithéid sin.

In ainneoin an droch-cháil atá ortha mar ruagairí cíocracha, is daoine iad atá anchúramach faoin timpeallacht. Carraigeacha teo faoi thalamh a théann an t-uisce. Is le huisce te den chineál sin a théitear formhór na dteach i Reykjavik!

Tá eaglais Hallgrímkirkja go h-ard os cionn Reykyavik. Tá an eaglais 246 troigh ar airde agus 310 ar leithead. Taobh istigh agus amuigh tá 60 dealbh. Tá fuinneoga gloinedaite den scoth le feiceáil ann. Tá an ardeaglais Chaitliceach 'Dómkirkya' in aice láimhe. Bé sin sean lár ionad na ndeoise Caitliceach go dtí 1796.

Ar an taobh thall den chathair, tá Páirc Náisiúnta Thingvellir. Scairdean an géasar 'Strokkur' go rialta, gach deich nóiméad. Téann mórán cuairteoirí go 'Gullfoss' - eas sármhór ar féidir leat é a chloisint ceithre mhíle uaidh!

Níos faide thoir 'sí an láibhe gal 'Hekla' - bolcán beo. Is ion- tach go deo í an áit Skógar chun dul ar cuairt ann. Is áit iargúlta, fhiáin agus ghaofar í Skógar. Tá eas ann thuas ar aill láimh leis an fharraige. Tá tearman ag Skógar chun an dúlra a chosaint. Chomh maith le sin, tá radharcanna fairsinge Atlantachta ann.

Tá suim ar leith á cur ag daoine le fada an lá i ndeilfeanna agus i mamaigh mara eile. Tá an chráin dhubh ('Killer Whale') réasúnta coitianta in uiscí na hÍoslainne ach is annamh a chaitear i dtír iad. Tá an chráin dhubh ar na creachadóirí is tapúla dá bhfuil san fharraige agus tig leo luas caoga ciliméadar san uair a shroiceadh.

Tá roinnt fadhbanna sóisialta ag an Íoslainn inniu. Tá praghasanna go han-ard. Mar shampla, tá ¤12 ar phionta beorach, ach tá alcólachas for- leathan. Tuirlingíonn eitilt ag an aerfort Militeach Mhericeánach ag Keflavik. Ní maith leis na hÍoslainnaigh na Meiriceánaigh a bheith ina dtír.

Tá an Íoslainn nuachóirithe le tionscadail foirgníochta ollmhóra. Is eachtrannaigh iad formhór na h-oibrithe a oibríonn sna tionscadail sin agus tá an ciníochas ag borradh san Íoslainn. Mar sin féin, ainneoin cianda na hÍoslainne, is náisiún nua-aim- seartha agus liobhrálach atá ann.

Más maith leat saoire neamhchoitianta agus gan chomparáid, 'sí an áit duit. Bhí tionchar Ceilteach an-láidir ar an Íoslainn. Anois, tá na Gaeil ar ais arís le díograis! Tuilleadh eolais

www.icetourist.is

<< | Up | >>

This document was last modified by David Granville on 2007-01-25 15:19:41.
Connolly Association, c/o RMT, Unity House, 39 Chalton Street, London, NW1 1JD
Copyright © 2006 Christy Evans